TURAS in Oirthear Bhéal Feirste

Bhí deis againn bualadh leis an Oifigeach Oideachais, Dr. Gordon McCoy, ón eagraíocht ‘Turas’ i mí an Mheithimh 2019. Is saineolaí é Gordon ar stair Ghaelach Oirthear Bhéal Feirste agus bhí an deis againn camchuairt a ghlacadh leis timpeall Oirthear Bhéal Feirste.

Cé hiad Turas? (Misean Oirthear Bhéal Feirste)

Lonnaithe in Oirthear Bhéal Feirste, is ionann ‘Turas’ agus tionscadal a bhfuil sé mar aidhm aige daoine a tharraingt le chéile trí fheasacht a ardú don Ghaeilge. Cuireann Turas coincheap na hoidhreachta roinnte chun cinn agus tá an eagraíocht ar an fhód ó bhí an bhliain 2011 ann. Dar le Turas gur le gach duine an Ghaeilge, agus tá an teachtaireacht seo le sonrú sna himeachtaí cultúrtha éagsúla a chuireann siad ar fáil. I measc na n-imeachtaí seo, tugann ceannaire an tionscadail, Linda Ervine, ceardlanna agus cainteanna ar nasc na bProtastúnach leis an Ghaeilge, mar aon le ceardlanna ar réimse leathan d’ábhar a bhaineann le cultúr na Gaeilge.

Camchuairt leis an Dr. Gordon McCoy

De bhrí go bhfuil stair Ghaelach Oirthear Bhéal Feirste go mór faoi cheilt, ba dheis iontach í an camchuairt seo tuilleadh a fhoghlaim faoi fhréamhacha na Gaeilge san Oirthear. Fuair muid léargas nach beag ar réimse leathan de rudaí, ón Tiarna Conn Ó Neill (c. 1480–1559) go bunú an chéad Chraobh de Chonradh na Gaeilge ar an Bhóthar Beersbridge (1895).  Níl san fhíseán thíos ach blaiseadh beag den scéal; eagraíonn Turas turas bus uair sa mhí, agus is féidir ticéidí a fháil ag an nasc seo a leanas: https://www.musicglue.com/east-belfast-mission/

Gabhaimid buíochas arís leis an Dr. McCoy agus le Turas as ucht an camchuairt a chur ar siúl dúinn.