Gaeláras Mhic Ardghail

Bhí imeacht den scoth againn i lár mhí Iúil 2019 i nGaeláras Mhic Ardghail mar chuid den tionscadal oidhreachta agus staire ‘Claochlú Cultúir agus an Conradh’ atá maoinithe ag an Roinn Oidhreachta den Chrannchúr Náisiúnta Ó Thuaidh. Cluineadh ó phainéal de cheathrar le linn an imeachta: an Dr. Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cuisle Nic Liam, Oifigeach Tionscadal le Conradh na Gaeilge, Cuan Ó Seireadáin atá mar choiméadaí le Conradh na Gaeilge, agus Séamus Mac Dhaibhéid ó Ghaeláras Mhic Ardghail. Cuireadh sár-thaispeántas de ghrianghraif, chaipéisí, ghradaim agus eile ar fáil ag Séamus sa Ghaeláras. Thug an painéal cainte léargas ar an dul chun cinn atá déanta ag an tionscadal, na fáthanna taobh thiar de, mar aon le haidhmeanna, tábhacht agus luach an togra.

“Ba mhaith linn fuinneamh agus brí úr a chur leis an tionscadal trí phearsantú a dhéanamh ar an stair le hagallaimh staire bhéil,” a deir Cuisle Nic Liam, Oifigeach Tionscadail le Conradh na Gaeilge. “Ba mhaith linn fosta caipéisí, grianghraif nó fianaise ar bith d’imeachtaí a bhain le hathbheochan na Gaeilge i gCúige Uladh, go háirithe i gcomhthéacs an Chonartha, le gur féidir linn digitiú a dhéanamh orthu don suíomh idirlín atá á thógáil againn faoi láthair.”

Gabhaimid ár mbuíochas arís le Gaeláras Mhic Ardghail as an bhailiúchán speisialta agus luachmhar a roinnt linn; níl sa taispeántas sin ach spléachadh beag de scéal an Chonartha sa cheantar, agus ba mhian linn tógáil air seo. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cuisle ag cuisle@cnag.ie má tá aon rud a shíleann tú a bheadh tairbheach don tionscadal, nó fiú le haghaidh tuilleadh eolais.