Agallamh NVTV

I mí Dheireadh Fómhair 2019, tugadh cuireadh don Oifigeach Tionscadal, Cuisle Nic Liam, dul faoi agallamh leis an tseirbhís teilifíse áitiúil, Northern Visions Television (NVTV). Le linn an agallaimh, tugadh léargas ar chúlra agus aidhmeanna an tionscadail, mar aon leis an tábhacht a bhaineann leis an stair seo.

Luaigh Cuisle ainmneacha iomráiteacha atá aitheanta go forleathan mar dhaoine a raibh ról lárnach acu in athbheochan na Gaeilge i luathbhlianta an Chonartha; bíodh sin mar atá, ba mhian leis an tionscadal seo fosta díriú ar dhaoine nár chuala gach duine iomrá orthu, ach a rinne obair dhíograiseach thar cheann an Chonartha. Tháinig na daoine seo ó chúlraí éagsúla polaitíochta agus creidimh.

Beidh an tionscadal fosta ag díriú ar bhailiúcháin ón phobal; miontuairiscí, grianghraif, teastais srl. Ba mhian leis an tionscadal seo an stair a phearsantú, agus é seo a dhéanamh trí agallaimh staire bhéil a dhéanamh le daoine a bhfuil taithí acu leis an stair. Tá tábhacht ag baint leis seo le go mbeidh sé ar fáil do dhaoine i gceann 100 bliain eile.