Léacht Éamon Phoenix

Léacht an Dr. Éamon Phoenix, 23ú Eanáir 2020

Bhí oíche den scoth againn i bPRONI i mí Eanáir leis an Dr. Éamon Phoenix. Thug Dr. Phoenix scoth na léachta ar thraidisiún na bProtastúnach agus an Ghaeilge i gCúige Uladh.

Fuarthas léargas fíor-speisialta ar stair na teanga i gCúige Uladh; luaigh Dr. Phoenix an tionchar a bhí ag plandáil Uladh ar an Ghaeilge. Luaigh Dr. Phoenix bunús na logainmneacha i gCúige Uladh. Thagair sé do Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann (1824). Roimh an tsuirbhé, rinne scoláire Gaeilge, James Donovan taifead ar bhunlitriú agus bunbhrí na logainmneacha sular galldaíodh iad. Thug Dr. Phoenix léargas ansin ar logainmneacha coitianta i gCúige Uladh agus an ciall atá leo. Ina measc siúd, bhí:

  • Bally (baile, a town or townland) Ballymena ( Baile Meánach: the middle town); Ballynahinch (Baile na h-inse; the island town);
  • Kill (from cill, a church): Kilmore (Cill mór: the big church); Kilkeel (cill caol: the narrow church);
  • Dun (a stone fort) eg Dundrum : Dun Droma: ‘The Stone Fort of the Ridge’; Dunmurry: Dun O’Muiri: ‘The fort of the O’Murrrays.’

Luaigh an Dr. Phoenix ansin stair éagsúil Chonradh na Gaeilge, agus stair ilchinéalach na Gaeilge. Bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893, agus bhí seo ag teacht sna sála ar an tionchar dochrach a bhí ag an Ghorta Mór ar chúrsaí Gaeilge. Ba é Dubhghlas De hÍde, a raibh a athair mar reachtaire, céad uachtarán Chonradh na Gaeilge. Dar le Dr. Phoenix go raibh baint ag neart daoine de chúlra Protastúnach le marthanas na teanga laistigh agus lasmuigh den eagraíocht araon. Ina measc, bhí:

  • Edward Bunting (1773-1843)
  • an tOirmhinneach William Neilson (1774-1821)
  • Daniel O’Connell (1775-1847)
  • Robert Shipboy MacAdam (1808-95)
  • Alice Milligan (1866-1953)

Tá físeán agus grianghraf den léacht seo ar fáil thíos. Is fiú go mór súil a chaitheamh air.