Turas Gaelach Phobal Feirste

Fleadh Feirste- Dé Sathairn, 7ú lá de mhí na nollag

I mí na Nollag, d’eagraigh muid turas bus timpeall Bhéal Feirste le Conchúr Óg Mac Siacais chun léargas a thabhairt ar stair Ghaelach na cathrach. Thosaigh an turas ag an Chultúrlann Mac Adam Ó Fiaich in Iarthar Bhéal Feirste, foirgneamh a bhfuil an-tábhacht ag baint leis go stairiúil. Bunaíodh an Chultúrlann sa bhliain 1991 agus bhí sí mar chéad lonnaíocht Choláiste Feirste, an mheánscoil Ghaeilge is mó sa Tuaisceart. Tá an Chultúrlann ainmnithe in ómós do bheirt laochra de chuid na Gaeilge mar atá Robert ‘Shipboy’ MacAdam agus An Cairdinéal Tomás Ó Fiaich. 

Ón Chultúrlann, thug muid aghaidh ar Oirthear Bhéal Feirste. Thiomáin muid thar bráid ar an Bhóthar Beersbridge, áit ar bunaíodh an chéad chroabh de Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste sa bhliain 1895. Bhí John St. Clair Boyd, máinlia cúnta a raibh suim nach beag aige i gcúrsaí Gaeilge, mar chéad Uachtarán ar an chraobh. Tá St. Clair Boyd curtha i reilg na cathrach.

Chuaigh muid ansin chuig an Ionad Skainos, áit a bhfuil an eagraíocht Ghaeilge ‘Cairde Turas’ lonnaithe. Bhuail muid le Linda Ervine a thug léargas speisialta dúinn ar stair agus misean na heagraíochta. Dar léi gur le gach duine an Ghaeilge agus is teachtaireacht í seo atá fite fuaite san obair mhór, mhaith atá ar bun ag Linda, Gordon agus foireann Thuras.

D’fhill muid ar Iarthar Bhéal Feirste arís agus tugadh léargas den scoth dúinn ar áiteanna agus eagraíochtaí suntasacha eile sa chathair amhail Sráid Bombay, Ardscoil Bhéal Feirste, Raidió Fáilte agus Cumann Chluain Ard.  D’fhéadfaí a rá gurbh é an chuairt a thug muid ar Ghaeltacht Bhóthar Seoighe agus an chuid ba shuimiúla den turas, Gaeltacht a bhunaigh díograiseoirí teanga sa chathair sa bhliain 1969. Bhunaigh na daoine céanna an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge sa Tuaisceart, Bunscoil Phobal Feirste sa bhliain 1971. Aithníodh an scoil go hoifigiúil sa bhliain 1984.

Bhain muid idir shult agus thairbhe as an turas!